ҹ޸þ

Skip to main content

Nuacht

Sainaithnítear i dtaighde sé chéim is féidir a thógáil chun saothrú nuálach ros lachan faoi dhíon a chur chun cinn

28 Ean 2022
Figure reproduced from Coughlan et al (2022), Graphical abstract, Journal of Cleaner Production, accessed 28.01.2022, https://doi.org/10.1016/j.jclepro.2021.130285 This work is licensed under a Creative Commons Attribution 4.0 International License.

Leagtar béim i bpáipéar nuafhoilsithe ó thaighdeoirí Brainwaves ar na dúshláin agus na deiseanna atá ann maidir le fás mórscála Lemnaceae faoi dhíon

Ní féidir an ros lachan (Lemnaceae) a shárú ó thaobh mearfháis de! Is féidir leis na plandaí iontacha sin a mbithmhais a dhúbailt laistigh de thréimhse atá beagáinín níos faide ná lá. Ní hé amháin go bhfásann na plandaí sin go gasta, áfach, ach tá siad ríscamhardach freisin agus is féidir iad a úsáid i mbia ainmhithe nó mar bhia do dhaoine. Trí na plandaí sin a shaothrú faoi dhíon, is féidir sruth seasta torthaí úra a ghiniúint, beag beann ar an séasúr.

I piarmheasúnaithe nua a raibh an Dr Niall Ó Cochláin agus an tOll. Marcel Jansen i gceannas air, leagtar amach sé phríomhbhearna eolais atá ag cur cosc ar fhorbairt córas saothraithe ros lachan faoi dhíon. Agus é dar teideal “Duckweed bioreactors: Challenges and opportunities for large-scale indoor cultivation of Lemnaceae”, taispeántar sa ٲé conas is féidir leis an dul chun cinn teicneolaíochta san fheirmeoireacht uirbeach agus ingearach tacú le saothrú ros lachan a fhorbairt.

Foilsíodh an ٲé sa tar éis athbhreithniú fairsing a dhéanamh ar an eolas agus na cleachtais atá ann cheana agus leagtar béim ann ar an teicneolaíocht athshruthaitheach tréshreafa is féidir a úsáid chun soláthar cothaitheach agus fás cothaitheach a bharrfheabhsú. Ag an am céanna, is féidir córais tacaíochta braiteoirí a úsáid i gcomhar le hintleacht shaorga chun saothrú uathrialaitheach agus baint, fiú, a éascú. Taispeántar sa ٲé freisin gurb amhlaidh, má fhiosraítear bitheolaíocht bhunúsach ros lachan tuilleadh, go dtacófar le bithmhais ar mhórán próitéine a tháirgeadh (e.g. na tréithchineálacha is fearr a roghnú, an solas a bharrfheabhsú, agus an micribhithóm ros lachan a ionramháil).

Cé go bhfuil dúshláin ann, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb é conclúid an staidéir ná go bhfuil deiseanna réadúla ann anois le saothrú ros lachan faoi dhíon a fhorbairt agus a oibriú ar ardacmhainn agus ar dhóigh uathrialaitheach rialaithe le haghaidh raon leathan cuspóirí.

Dá bhrí sin, coinnigh do shúil air seo agus faigh amach conas a fhorbraíonn an tionscadal Brainwaves ach an planda dúchasach iontach seo a úsáid!!

 

Maoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa trí Chlár Comhair na hÉireann agus na Breataine Bige

Déan teagmháil linn

BRAINWAVES, School of Biological Earth & Environmental Sciences, ҹ޸þ College Cork, Distillery Fields, North Mall, Cork, Ireland, T23 TK30

Déan ceangail linn

Barr