An Dúchas agus an Domhan
Diarmuid Ó Giolláin
Cad is béaloideas ann agus cá seasann sé idir an dúchas agus an domhan? Tuigtear de ghnáth gur rud dúchasach agus gur ghné thábhachtach de chuid na sochaà traidisiúnta é an béaloideas. Ach bhà caidreamh riamh ag an sochaà thraidisiúnta leis an saol lasmuigh; nà raibh sà neamhspleách ar an stát, ar fhórsaà eacnamúla náisiúnta agus idirnáisiúnta, ar thiarnaà talún, ar an eaglais, ar an gcultúr léannta, ar idé-eolaÃochtaà polaitiúla. Tugann an leabhar seo cur sÃos ar an gcultúr saibhir traidisiúnta ar chuir scoláirà béaloideas suim ann agus tugann sé sainmhiniú ar ghort sin an bhéaloideas mar dhioscúrsa léinn. Pléann sé go speisialta le trà théama ar leithligh: 'am', 'áit' agus 'pobal', agus tráchtann sé orthu i gcomhthéasc na sochaà traidisiúnta, leathnú an stáit, teacht chun cinn na nua-aoise agus géarú an domhandaithe. Úsáideann sé fianaise ón 19ú, 20ú agus 21ú haois, agus ón mbéaloideas, ón antraipeolaÃocht, ó (dhÃr-) bheathaisnéisà Gaeltachta agus ón stair. Is é an chéad bhunleabhar ar léann an bhéaloidis as Gaeilge é.
