Eolas
Achoimre ar an gCúrsa
Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd a bhfuil cáilíocht sa Ghaeilge acu cheana féin agus a bhfuil fonn orthu a gcaighdeán teanga a fheabhsú.
Freastalóidh an cúrsa go príomha ar riachtanaisí na bhfoghlaimeoirí agus tabharfar aird faoi leith ar ghnéithe éagsúla den ghramadach a chothaíonn éiginnteacht i measc foghlaimeoirí ó am go chéile.
Déanfar anailís dhomhain, mar aon le plé oscailte ar réimsí agus ar mhúnlaí cainte a chuirfidh go mór leis an bhfoghlaim neamhspleách. Tagrófar go rialta do fhoinsí éagsúla a léiríonn saíocht agus ceartúsáid na teanga agus a réitíonn ceisteanna éagsúla i dtaobh na gramadaí. Chomh maith leis sin cuirfear raidhse samplaí ar fáil a shoiléireoidh go cruinn saibhreas agus solúbthacht na teanga.
Ag deireadh an chúrsa beidh níos mó muiníne ag na rannpháirtithe as a gcumas teanga (idir labhairt agus scríobh) agus beidh tuiscint níos fearr acu ar mhodhanna éagsúla foghlama agus teagaisc. Anuas air sin beidh ar a gcumas mórán foinsí nua-aimseartha a aimsiú agus a úsáid, agus amach anseo treiseoidh an méid sin lena gcuid foghlama féin.
á
€300
Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2026
Beidh an cúrsa 20 seachtaine seo ar siúl gach Máirt 7pm – 9pm. Cuirfear tús leis an gcúrsa Dé Máirt, 22 Meán Fómhair 2026.
á
Is féidir le baill nua clárú i Seomra ORB G01, Áras Uí Rathaille, Dé Luain, 31 Lúnasa 2026 nó Dé Máirt, 1 Meán Fómhair 2026, 7pm - 9pm.
Sonraí Teagmhála
Isobel Ní Riain
Comheagraí an Chúrsa
R: i.niriain@ucc.ie
Ionad na Gaeilge Labhartha
Centre for Spoken Irish
Déan teagmháil linn
Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh