Scéim na dTeaghlach
I rith an tsamhraidh cuirtear ú Chíomháin ar fáil mar ionad inar féidir le baill foirne agus lena dteaghlaigh a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus caidreamh a dhéanamh le pobal a labhrann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga. Is mar áis chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na foirne is na mac léinn a úsáideann an Ollscoil ú Chíomháin.
Isteach is amach le fiche teaghlach a bhíonn páirteach de ghnáth agus cuirtear ar siúl é ó thosach Meithimh go deireadh Lúnasa. Caitheann siad seachtain amháin de ghnáth sa ú. Le cabhair chuntóra teanga, glacann siad páirt i saol na Gaeltachta i slí thairfeach thaitneamhach.
Scéim na dTeaghlach 2026 - "Anois Teacht an tSamhraidh"
Má tá Gaeilge agat féin agus ag do chlann, tá fáilte romhat dul i dteangmháil le hOifig na Gaeilge Labhartha chun breis eolais a lorg. Tréimhsí seachtaine is mó a bhíonn i gceist.
Má tá tuilleadh eolais nó foirm iarratais uait déan teagmháil le: Oifig na Gaeilge Labhartha, Seomra G.02, Áras Uí Rathaille nó seol ríomhphost chuig g.labh@ucc.ie.
Níor mhór na foirmeacha iarratais a bheith istigh faoi: Dé Céadaoin 29 Aibreán 2026, 12.00 pm