ҹ޸þ

Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Pictiúr den Chearnóg Láir

Cúrsa sa Ghaeilge Labhartha do Thosnaitheoirí


Achoimre ar an gCúrsa

Cúrsa 20 seachtain is ea é seo. Freastalaíonn an cúrsa seo ar thosnaitheoirí gan aon taithí ar an nGaeilge labhartha. 

Tá an cúrsa seo an-taitneamhach. Is ionann é agus ócáid shóisialta, geall leis.

á

€250 (€200 ráta ar leith).

Sonraí an Chúrsa - Fómhar 2026

Leibhéal a hAon

Is gá freastal ó 7pm go 9pm gach Luan. Cuirfear tús leis na ranganna seo ar an Luan, 21 Meán Fómhair 2026.

Beidh an cúrsa seo ag brath ar dhóthain éilimh a bheith air.

Leibhéal a Dó

Tá an leibhéal seo oiriúnach do scoláirí a chláraigh do leibhéal a haon anuraidh.

Is gá freastal ó 7pm go 9pm gach Céadaoin. Cuirfear tús leis na ranganna seo ar an gCéadaoin, 23 Meán Fómhair 2026.

 

á

Is féidir an fhoirm iarratais cuí a sheoladh chuig g.labh@ucc.ie nuair a bheidh sé líonta isteach agat. Is féidir díol as an gcúrsa seo ar líne. Glactar le hairgead tirim nó le seic chomh maith. Tá tuilleadh eolais ar an bhfoirm iarratais. 

Sonraí Teagmhála

Isobel Ní Riain
Comheagraí an Chúrsa
R: i.niriain@ucc.ie

Ionad na Gaeilge Labhartha

Centre for Spoken Irish

Déan teagmháil linn

Seomra ORB G02, Áras Uí Rathaille, Bóthar an Choláiste, Corcaigh

Déan ceangail linn

Barr