Is lárionad Ollscoile de chuid Choláiste na hOllscoile Corcaigh é ú Chíomháin atá suite i gcomharsanacht Bhaile an Fheirtéaraigh in Iarthar Duibhneach, Co. Chiarraí. Is ceantar láidir Gaeltachta é Corca Dhuibhne agus meallann áilleacht na háite mar aon leis an teanga agus an cultúr daoine chun na dúthaí ó chian is ó chóngar. Tá ú Chíomháin ag feidhmiú mar ionad ollscoile sa cheantar ó 1974 i leith. Bhíodh halla Dhún Chíomháin nó Hall Cheabhin mar ab fhearr aithne air, ina halla rince agus pictiúir do mhuintir na háite ag dul siar i bhfad. Is mó cuimhne atá i measc an phobail fós ar an nú nuair a bhíodh sé ag Seán Cheaibhin ós na nGorta Dubha agus a bhean Neilí, siopa, tigh aíochta agus halla rince agus pobail. Anois tá an halla athchóirithe agus é ina ionad foghlama le háiseanna teicneolaíochta ar ardchaighdeán.
Freastalaíonn ú Chíomháin ar phobal Choláiste na hOllscoile Corcaigh, ar phobal Chorca Dhuibhne, ar cheantair Ghaeltachta na Mumhan agus ar phobal lasmuigh den Ghaeltacht go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Cúrsaí agus Seirbhísí
Seo a leanas cuid de na seirbhísí is cúrsaí atá ar fáil i nú Chíomháin.
- Seimeastar Gaeltachta do mhic léinn Ghaelainne Choláiste na hOllscoile Corcaigh
- Sainchúrsaí Gaelainne agus cultúir do ghrúpaí náisiúnta/idirnáisiúnta
- úí deireadh seachtaine Gaeltachta do mhic léinn Choláiste na hOllscoile Corcaigh
- Scéim na dTeaghlach i rith an tsamhraidh d'fhoireann Choláiste na hOllscoile Corcaigh chun an Ghaelainn a chur chun cinn i measc fhoireann na hOllscoile
- Léachtaí sa litríocht, sa chultúr agus sa stair áitiúil i gcomhair le don phobal áitiúil
- Dioplóma Ollscoile sa Ghaelainn do phobal Chorca Dhuibhne
- Ionad comhdhála/seimineáir ar fáil don phobal
- Ionad taighde agus staidéar ar fáil don phobal
Áiseanna
- Lóistín ar stíl brú do 18 duine (beirt nó triúr i ngach seomra)
- Cistin nua-aimseartha
- Seomra bídh
- Semra suite/leabharlann
- Árasán lánfheistithe atá in oirúint do chathaoir rotha
- Ionad foghlama ina bhfuil stáisiúin oibre ríomhaireachta agus áiseanna físchomhdhála
- Leathanbhanda snáthoptaice
- Seomra seimineáir/léachta
- Carrchlós agus áit chun suí amuigh
Halla Dhún Chíomháin
Tá Halla Dhún Chíomháin leagtha amach in oiriúint do riachtanais fhoghlaimeoir an 21ú Céad. Tá trealamh agus troscán soghluaiste agus so-athraithe ann atá dírithe ar nósanna e-fhoghlama BLDGF (Beir Leat do Ghléas Féin), agus a spreagann an cur chuige mac léinn-lárnach sa teagasc agus fhoghlaim. Cuimsíonn an spás foghlama nua-aoiseach seo gnéithe iomlána dhearcadh an lae inniu i dtaobh an teagaisc agus na foghlama sa mhéid go n-éascaíonn sé an fhoghlaim aonarach, an ghrúpfhoghlaim, an fhoghlaim neamhfhoirmiúil, agus an léacht thraidisiúnta chomh maith le limistéar sóisialta a sholáthar do na mic léinn a bhfuil timpeallacht láidir foghlama á cothú ann. Cuireadh prionsabail DUF (Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim) i bhfeidhm ar dhearadh agus thógáil an spáis fhoghlama seo. Chomh maith le bheith ina áis do mhic léinn agus d'fhoireann COC féin, cuirtear An Halla ar fáil do phobal na Gaeltachta.
D'oscail Aire Stáit na Gaeltachta, an tUas Seosamh Mac Aoidh, Halla an úa go hoifigiúil ar 19 Meitheamh 2018 i gcuideachta Uachtarán COC, An tOllamh Pádraig Ó Sé ag ócáid ar fhreastail meascán de phobail Chorca Dhuibhne agus COC.
Taisteal go Dún Chíomháin
Tá ú Chíomháin suite leath-chiliméadar soir ó shráidbhaile Bhaile an Fheirtéaraigh, áit a bhfuil tithe tábhairne, óstán, siopa grósaera, caifé agus seirbhísí dá leithéid. Tá Cruach Mhárthain suite ar an taobh theas agus tá ceann de na tránna is áilne in Éirinn suite ar an taobh thuaidh den ú mar atá An Béal Bán.
Muna bhfuil do chóras taistil féin agat, is féidir bus nó traein a fháil go Trá Lí agus bus isteach sa Daingean. Tagann bus chomh fada le Baile an Fheirtéaraigh ar laethanta áirithe. Tá seirbhís mhaith tacsaí ar fáil sa cheantar chomh maith.
An Ceantar Máguaird
Tá raidhse bialann agus tithe tábhairne sa cheantar máguaird. Bíonn ceol tradisiúnta le cloisint i dtithe tábhairne éagsúla. Is fiú turas a thabhairt ar Oileán an Bhlascaoid Mhóir agus Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nú Chaoin chun léargas a fháil ar shaol na ndaoine a mhair ar an oileán suas go 1954. Más spéis leat am a chaitheamh ag siúl, tá bealtaí siúlóide draíochtúla sa cheantar ar nós Cosán na Naomh, Slí Chorca Dhuibhne agus Siúlóidí Oidhreachta. Is féidir na bealtaí seo a shiúl tú féin nó dul le treoraí cáilithe. Tá saibhreas de láithreacha seandálaíochta agus staire le fáil sa cheantar chomh maith. Is féidir na haon saghas spórt uisce a thriail agus bíonn cúrsaí agus ranganna seoltóireachta is cadhcála is a leithéid ar siúl d'éinne a bhfuil an fonn san orthu.
Cúrsaí Gaelainne is Cultúir do Mhic Léinn Idirnáisiúnta
Ar 7 Meán Fómhair bhí ana-áthas orainn fáilte a chur don gcéad uair riamh roimh mhic léinn ó Slovensko go ú Chíomháin. Ocht lá a thugadar in ár measc agus iad ag freastal ar chúrsa Gaelainne agus Cultúir. Seisear mac léinn ar fad a ghaibh chugainn, cúigear acu ó Ollscoil Comenius in Bratislava agus mac léinn amháin ó Ollscoil Matej Bel in Banská Bystrica. Ina dteannta bhí James Ó Conaill, an teagascóir ar na modúil Ghaelainne in Slovensko. Ní raibh formhór na mac léinn riamh in Éirinn roimhe seo agus mar sin bhaineadar lán na súl as aoibhneas dhúthaigh Chorca Dhuibhne, idir thránna, chnoic is fhaillteacha.
Tá mic léinn ag teacht chugainn ón Ruhr-Universität Bochum le fada an lá agus an nasc idir Ionad na Gaeilge Labhartha agus an ollscoil seo ag dul siar chomh fada leis na nóchaidí. Tugann mic léinn ón ollscoil seo turas bliantúil ar Dhún Chíomháin agus tugann ball foirne ó Ionad na Gaeilge Labhartha turas rialta ar an ollscoil in Bochum chomh maith. Tá modúil á dtairiscint san ollscoil seo le breis is tríocha bliain. Ochtar mac léinn ar fad a tháinig chugainn i mbliana mar aon lena stiúrthóir Sylvia Botheroyd Lic.Phil.
Céilí na nGael
Bhí oíche mhór rince, ceoil is cuilleachtan againn i nú Chíomháin Dé Sathairn, 6 Nollaig 2025 mar a bhailigh slua breá de phobal na háite isteach sa Halla do Chéilí na nGael.
Nach linn atá an seans a bheith ag maireachtaint i ndúthaigh go bhfuil plúr na gceoltóirí, na rinceoirí is na n-amhránaithe inár measc. Ceol beo, bríomhar ag bleaisteáil ón halla leis an ngrúpa Cuas mar a raibh Nicole Ní Dhúbhshláine, Kyle Macaulay agus Méabh Ní Bheaglaoich agus an t-aoi speisialta, an ceoltóir is amhránaí óg, Ruairí Ó hUanacháin
Cá mbeimís gan máistir na seiteanna é féin, Christy Mac Gearailt, a bhí mar fhear an tí agus a stiúraigh na rincí ar fad. Ba é Christy a bheartaigh is a d’eagraigh an oíche mhór so agus táimid buíoch as a dhíograis agus as an ualach mór oibre a chur sé isteach san imeacht. Buíochas mór groí chomh maith le Barry Ó Siochrú, Tobar Dhuibhne as a chuid tacaíochta ar fad, le hEalaín na Gaeltachta as an maoiniú agus leothu siúd ar fad a dhein na cístí breátha agus a bhain smúit as an urlár i gcaitheamh na hoíche. Is orainn a bhí an t-ardú croí ag dul abhaile!
Teastas sa Ghaeilge Labhartha
Seo an dara deireadh seachtaine atá caite ag lucht an Teastais sa Ghaeilge Labhartha i gCorca Dhuibhne, ag fanacht dóibh i nú Chíomháin, mar chuid den chlár foghlama seo.
Ceathrar ar fad atá ag staidéar don teastas i mbliana.
ܲٱǾí
Cúpla pictiúr de na daoine is na grúpaí éagsúla a thug cuairt orainn le déanaí.
Sonraí Teagmhála
Caitríona Budhlaeir agus Susan Feirtéar
Bainisteoirí ar Dhún Chíomháin
ú Chíomháin
Baile an Fheirtéaraigh
Trá Lí
Co. Chiarraí
T: +353 (0) 66 9156136
R: c.budhlaeir@ucc.ie&Բ;ó&Բ;sfeirtear@ucc.ie
Nuashonraithe
15 Aibreán 2026