On this page
ǰٳú
Suite gar do Pháirceanna na Laoi tá Áras Uí Thuama. Tógadh an t-áras álainn seo sa bhliain 2006. Beidh tú sona sásta san árasán nua-aimseartha seo i dteannta le mic léinn eile. Beidh tú ar do sháimhín só i do sheomra codlata úrnua, compórdach a bhfuil áiseanna staidéir ann. Gaeltacht na hOllscoile atá anseo ina bhfuil bloc de naoi n-árasán (le dhá, trí, ceithre sheomra codlata iontu).
Fan i dteagmháil le do chairde ar an ríomh-phost nó déan do chuid taighde ar do shuaimhneas san áras breá seo tríd an idirlíon atá ar fáil saor in aisce. Cuirfidh tú aithne ar mhic léinn ó gach coláiste agus beidh craic agaibh le chéile.
Chomh maith leis sin, ní bheidh ocras ort riamh agus Ollmhargadh díreach in aice leat mar a bhfuil rogha gach bia ar fáil. Níl an Ollscoil ach cúig neomat de shiúl na gcos uait agus tá Áras Uí Thuama an-chóngarach do lár na cathrach. Oireann na hárasáin seo do gach gné ded' shaol. Cad eile a bheadh ag teastáil ó mhac léinn an lae inniu?
Please contact Áras Uí Thuama on 021 4902314 regarding Academic Year 2026/2027 or email g.labh@ucc.ie
The wellbeing of our residents and staff is of paramount importance. We have introduced a number of measures to ensure the highest level of protection. Please click for information on the UCC Campus Accommodation COVID19 Health & Safety Protocol.
Tógáil Coimpléasc
Please contact Áras Uí Thuama on +353 21 4902314 or email g.labh@ucc.ie for Academic Year 2026/2027
Tá a lán áiseanna ar fáil in Áras Uí Thuama ina measc:
| Árasán le 2,3,4 sheomra codlata | Páirceáil shlán rothair |
| Ceangal idirlín saor in aisce | Níolann féinseirbhíse (Tá táille i gceist) |
| Teas lárnach leictreach Goldshield |
Bailiú Bruscair |
| Teilifíseán daite (cábla) | Maoir Chónaithe |
ÁٳԳí
Áras Uí Thuama -Ionad Cónaithe Gaeilge
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Brú na hOllscoile / ҹþ Hall
Tá fáilte roimh aon mhac léinn lánaimseartha a bhfuil Gaeilge líofa aige/aici cur isteach ar áit in Áras Uí Thuama. Is gá dó/di foirm speisialta Ghaeilge a líonadh agus dul faoi agallamh. Cuirtear roinnt áiteanna i leataobh gach aon bhliain le haghaidh mhic léinn na chéad bhliana.
Scoláireachtaí 500 euro / (500 euro Scholarship).
ídz
ҹþ Hall
Victoria Cross
Cork
Ireland
UCC Campus Accommodation
Cóiríocht ar an gCampas
Contact us
Head Office, ҹþ Hall, Victoria Cross, Cork